Skip to Main Content

Newsletter

 

 

 

 

 

Genre: Folklore - History - Etymology

Leibhéal: Beginner

Eochairfhocail / Keywords: Béaloideas = Folkore Nádúr = Nature Stór Focal = Vocabulary Frásaí = Phrases Bithéagsúlacht = Biodiversity Timpeallacht = Environment Bean Sí = Banshee Ainmhithe = Animals Plandaí = Plants Bláthanna = Flowers Eitimeolaíocht = Etymology Piseogacht = Superstition Samhlaíocht = Imagination Loighic = Logic

Leabhar maisithe is ea Tree Dogs, Banshee Fingers and Other Irish Words for Nature ina ndíríonn Manchán Magan ar roinnt de na focail Ghaeilge is suimiúla a bhaineann leis an nádúr. Ar gach leathanach, míníonn Magan an cúlra stairiúil leis na focail éagsúla. Tugann sé aistriúchán díreach ar na focail, agus déanann sé iniúchadh ar an gcomhthéacs as ar tháinig siad. Uaireanta, baineann na focail leis an gcuma atá ar an rud. Uaireanta eile, baineann na focail leis na feidhmeanna traidisiúnta a bhíodh ag plandaí nó ainmhithe ar leith in Éirinn. Tá léaráidí iontacha déanta ag Steve Doogan a chuidíonn leat na plandaí, éin, ainmhithe agus éisc éagsúla a aithint. Tá spraoi, loighic, cleasaíocht, piseogacht, agus samhlaíocht fite fuaite sna frásaí ar fad, agus is léiriú é an leabhar seo ar shaibhreas na teanga agus na timpeallachta.