Skip to Main Content

Newsletter

 

 

 

 

Léirmheas Leabhair Gaeilge

Dún an Airgid – Éilís Ní Dhuibhne

Genre: Mystery

Difficulty: Meánleibhéal/Intermediate

Eochairfhocail / Keywords: Ar iarraidh = Missing Dúnmharú = Murder Mistéir = Mystery Bleachtaire = Detective Aoir = Satire Meánaicme = Middle Class Leabharlannaí = Librarian Útóipe = Utopia Uirbeach = Urban Rún = Secret Tráchtaireacht = Commentary


Úrscéal is ea Dún an Airgid, a dhíríonn ar leabharlannaí a théann ar iarraidh… Suite i mbaile útóipeach, nuafhorbartha darbh ainm Dún an Airgid, castar orainn príomhcharachtair an scéil: Máirtín, an bleachtaire nua atá díreach tar éis bogadh go dtí an baile, a bhean, Saoirse, agus foireann na leabharlainne áitiúla – ina measc, Seosamh, a éiríonn an-bhuartha nuair a éiríonn an príomhleabharlannaí, Laoise, as a bheith ag teacht chun na hoibre gan choinne. Déantar moilleadóireacht ar dtús, gach duine ag ceapadh go bhfillfidh Laoise ar an obair, gan dabht, le linn seachtaine ar a mhéad… ceaptar é sin, go dtí go dtagtar ar chorpán i bpáirc phoiblí Dhún an Airgid…
Tá tráchtaireacht shóisialta fite fuaite síos tríd an mhistéir eachtrach, chasta seo. Leabhar is ea é seo a d’fhéadfá a léamh go sciobtha agus gan stró. Fágann sé sa dorchadas tú, ar thóir freagraí go dtí an nóiméad deireanach, agus tugann sé ábhar machnaimh duit faoi chúrsaí aicme, luachanna lucht léinn, agus an teannas idir fhorbairt chaipitleach agus caomhnú na staire dúchais.
This book is available on catalogue.